Éire san Aois romhainn

Tá deireadh an chéid seo buailte linn nach mór, agus céad eile ag bagairt orainn. Tá sé á thuar cheana féin go bhfuil athruithe móra i ndán dúinn san aonú aois is fiche. Dea-scéal é, tá súil agam gur athruithe chun feabhais agus chun maitheasa iad. Mar, i gcoitinne, táimid i bhfad Éireann níos fearr as anois ná mar a bhí daoine fadó: tá sláinte an duine feabhsaithe, agus tá saoirse phearsanta agus cearta sibhialta bainte amach ag daoine, agus ag mná na hÉireann, go háirithe.

Ar ndóigh, is dócha nach bhfuil a fhios ag éinne cén saol atá romhainn. Ní féidir liomsa ach buille faoi thuairim a thabhairt mar gheall ar cad atá i ndán dúinn san aonú aois is fiche.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom fadhbanna soisialta a phlé. Is é mo bharúil láidir gurb í an fhadhb is measa atá againn sa tír seo faoi láthair ná an difhostaíocht. Fásann na fadhbanna eile as an mórfhadhb bhunúsach seo, a scriosann saol an duine agus an córas maireachtála atá againn, ach ní neart go chur le chéile.

Cheana féin, tá dul chun cinn thar na bearta déanta ag na Rialtais éagsúla ina n-iarrachtaí dul i ngleic leis an bhfadhb seo, agus ní foláir nó go dtiocfaidh feabhas mór air san aois romhainn. Chomh maith leis sin, tá súil agam go mbeimid in ann an gnáthshaoránach a chosaint, ach ag an am céanna, caithfear infheistíocht a dhéanamh sna daoine atá i mbaol. Tá scéimeanna píolótacha á gcur ar bun in áiteanna éagsúla a chuirfidh daoine óga ar bhealach a leasa, agus a stiúrfaidh iad ó bhóthar na coiriúlachta.

Is dócha go bhfuil todhchaí mhuintir na tíre seo fite fuaite le todhchaí na hEorpa i gcoitinne. Tiocfaidh athruithe eacnamaíochta gan amhras. Glacfaidh an Euro áit an phuint, an Guilder, an Mhairc agus gach aonad airgeadais eile san Aontas Eorpach i 1999. Is iomaí duine sa tír seo agus níl acu ach ón láimh go dtí an béal. Táim dóchasach go gcabhróidh an Euro linn saibhreas na tíre seo a roinnt níos cothroime ar a chéile.

Bheinn ag súil freisin go ndéanfadh ár n-aontas leis an Eoraip fadhb an Tuaiscirt a réiteach san aonú aois is fiche. Is liosta le háireamh iad na daoine neamhurchóideacha a bhfuil a mbeatha múchta ag gunnaí nó bataráil. Caithfear an deighilt stairiúil, an deighilt reiligiúin, an scoilt fhoréigneach sin idir Ghaeil a réiteach ar chuma éigin san aois atá romhainn.

Táim dóchasach faoi thodhchaí na teangan. Creidim féin go mbeidh an Ghaeilge beo beathach sa chéad romhainn, agus creidim freisin go mbeidh go leor daoine, idir óg agus aosta, sásta agus toilteanach í a labhairt. Tá borradh agus fás ag teacht faoi ghluaiseacht na scoileanna lán-Ghaelacha, tá ag éirí go han-mhaith le Radio na Gaeltachta agus Radio na Life lucht éisteachta a mhealladh, agus T. na G. faoi lán seoil.

Cé go bhfuil an teanga á himeallú sna Gaeltachtaí de shíor, tá tacaíocht á thabhairt di i measc na n-óg. Tá níos mó daoine óga ag labhairt na teanga sna cathracha agus sna bailte móra ná mar a bhí riamh. Is ábhar dóchais dúinn é seo, agus ní fheicimse go dtiocfaidh aon mhaolú ar an gclaonadh seo san aois atá le teacht.

Mar fhocal scoir, is ar an dream óg féin a bhraithfidh cúrsaí na tíre amach anseo. Sinne maoin na tíre. Sinne féin réiteach na faidhbe ar bhealach. Ar aon nós caithfear a bheith dóchasach, mar spreagann dóchas misneach, spreagann misneach gníomh agus spreagann gníomh dul chun cinn. Níl aon teora le dóchas agus le creideamh imí thuairimse. Is maith an scéalaí an aimsir. Bímis dearfach agus cuirimis chuige le misneach!?