Nóta ar stair na Gaeilge

Is minic a bhíonn daltaí seachantach faoin gceist stair na teanga.
Ní miste peannphictiúr den iomlán a sholáthar a bhféadfaí cur leis ar ball.

Is teanga Cheilteach í an Ghaeilge. Teangacha Q–Ceilteacha den chlann Ind–Eorpach is ea an Ghaeilge, Gaidhlig na hAlban, agus an Mhanannais. Teangacha P–Ceilteacha is ea an Bhreatnais, an Chornais agus An Bhriotánais. Féach gur Cáisc atá againn ar Pascha na Laidine, agus go bhfuil an P (pater na Laidne) caillte sa bhfocal, athair

Is féidir gluaiseacht na gCeilteach tosaigh a thuairisciú de bharr fianaise teanga atá ar fáil i logainmneacha, ainmneacha pearsanta, corr inscríbhinn, fianaise seandálaíochta agus tagarthaí na scríbhneoirí clasaiceacha.

• I ndiaidh 1000 roimh Chríost leathaigh cultúr ar leith siar tríd an bhFrainc, ó dheas go dtí Iberia agus sall go Sasana agus b’fhéidir go hÉirinn ón mbunáit in oirthear na Fraince agus iardheisceart na Gearmáine.

• Thart ar 500rc — aimsir Chultúr La Tene — scaip na Ceiltigh siar arís, ach an dreas seo leathaigh siad soir chomh fada le Galatia sa Tuirc, chomh maith. Ghabh siad an Róimh i 390rc agus Delphi sa Ghréig san aois dar gcionn. Bhí buntáistí teicneolaíocha acu: iarann agus an roth. Focal Ceilteach is ea carrus (carr), dá réir.

• 300rc Is deacair a rá go cinnte cathain a bhain siad Éire amach. Ní leabhar staire mar a thuigimídne é Leabhar Gabhála Éireann. Ach faoi 300rc is cinnte go raibh na Ceiltigh agus a dteanga in uachtar in Éirinn agus sa Bhreatain.

Saol réamhchríostaí a fheictear sa Táin Bó Cuailne. Tabhair faoi deara go dtroideann Cú Chulainn ó charbad mar a dheineadh Ceiltigh (La Tene) ar an Mór Roinn agus i Sasana in aghaidh Caesar (58-51rccé nár thángthas ar charbad riamh in Éirinn.

Idir 264 agus 146roimh Chríost, scrios na Rómhánaigh cumhacht na gCartach in iarthar na Meánmhara — in ainneoin mhórionradh Hannibal ar an Iodáil. Ghabh Julius Caesar tailte na gCeilteach sa Ghaill (51rc) agus idir 43ad agus 410ad bhí an Bhreatain faoi smacht na Rómhánach. Dá bharr seo, maireann níos mó eolais i scéalta seanGhaeilge na hÉireann faoin saol Ceilteach ná mar a mhaireann in aon teanga eile.

432ad Aimsir Thurnamh Impireacht na Róimhe san Iarthar a tháinig an Chríostaíocht go hÉirinn. Ba thábhachtach le Críostaithe cóipeanna de na Soiscéil a bheith acu. Ar ball thosófaí ar Ghaeilge a scríobh sna mainistreacha luatha. Iontu seo a scríobhadh na liricí dúlra a bhfuil a oiread gean orthu. Féach focail ón Laidin a bhaineann le creideamh agus litearthacht: Sagart/ sacerdos; Leabhar/ liber; Scríobh/ scribo; Mallacht/ maledictio.

597ad Is é Amra (Caoineadh) Cholmcille an chéad téacs i nGaeilge. Seachas an Ghréigis agus an Laidin is í an Ghaeilge an teanga liteartha is sine san Eoraip.

Is é is dóichí gur aibítir bunaithe ar aibítir na Laidne an Ogham. Tá 369 cloch Ogham ar fáil, 121 acu seo i gCiarraí, agus breis agus ochtó díobh sin i gCorca Dhuibhne. Baineann a bhfurmhór leis an treimhse 400–600ad. Ainm taoisigh a bhíonn orthu. Tá an ceann is faide soir ar fáil i Silchester i Hampshire.

600—900ad. Thug na manaigh an Chríostaíocht agus a gcuid léinn ar ais go dtí an Eoraip tar éis an scrios a deineadh le linn ionsaithe na mbarbar. Bhí cáil ar naoimh mar Columbanus, agus ar áiteanna mar Luxeil, Bobbio, St. Gallen. I mainistreacha mar seo atá na lámhscríbhinní Laidne ar a bhfuil na gluaiseanna Gaeilge ar fáil ar a n-imeall. Gaeilge an-sean atá sna gluaiseanna. I gceann díobh a fuarthas an dán, Pangur Bán, cuir i gcás.

Tabhair faoi deara gur ghabh Colmcille go hAlbain mar ar bhunaigh sé Mainistir Í, agus a bhunaigh na Gaeil ríocht dóibh féin in Albain (Argyle: Oir-Ghaeil, circa 500ad), a d’éirigh amach ina ríocht Albanach faoi Chinaedh Mac Ailpín, 843ad. Scoti a thugtaí ar na Gaeil sna meánaoiseanna.

795ad a chéadthagraítear do na Lochlannaigh a bheith in Éirinn. I measc na bhfocal a d’fhág siad ag an nGaeilge tá: Dorú/ dorg/ fishing-line; Stiúir/ styri/ rudder; Mál/ mál/ tax; Ceis/ kesja/ wicker. • Thug na Normanaigh (1169) an-chuid focal Fraincise a bhaineann le dlí, tógáil agus feirmeoireacht etc. isteach sa Ghaeilge: aturnae, baránta, buirgéis, constábla, seirbhís, áirse, doinsiún, póirse, casúr, siséal, cabáiste — agus páiste agus garsún.

Gaeilge Chlasaiceach, 1200–1600: Scrios na Lochlannaigh na mainistreacha agus chuir sin dlús le forbairt na Meán-Ghaeilge, ach faoi 1200ad bhí teanga caighdeánaithe nua (An nuaGhaeilge mhoch) á forbairt ag Scoileanna na mBard, a mhairfeadh go dtí scrios na 17ú haoise — aimsir Chath Chionn tSáile, 1601, agus Cogaí Chromaill, 1641-53. Sa teanga seo a scríobhadh na Dánta Grádha (Eag., T.F. O’Rahilly) agus na dánta siollacha atá le fáil i Measgra Dánta, mar shampla.

Ré na bPéindlithe: Choimeád filí na 18ú haoise, leithéid Aogán Ó Rathaille, Eoghan Rua Ó Súilleabháin, Seán Clárach Mac Dónaill agus Art Mac Cumhaidh an traidisiún beo, ach ba dheacair an teanga a chóiriú agus a fhorbairt.

Bhí cumhacht polaitiúil caillte ag Gaeil, bhíodar gan phátrúin, gan bhardscoil, gan ollscoil. D’imigh an mheánaicme Caitliceach le Béarla de réir a chéile. Ghlac an Eaglais Chaitliceach airgead rialtais le haghaidh Mhaigh Nuad i 1795. Na boicht gan chumhacht a chleacht an Ghaeilge agus ní raibh fúithi ach an réimse pearsanta — bhí na hardréimsí teanga (e.g. dlí) dúnta di.

Ag deireadh an 18ú haois mhúscail gluaiseacht an Rómánsachais suim sna teangacha Ceilteacha ach tubaist don Ghaeilge ab ea an Gorta Mór (1845-1849). Na boicht, lucht labhartha na Gaeilge, is mó a fuair bás agus a chuaigh ar imirce.

Mar sin féin chuir scoláirí Éireannacha mar Sheán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí bonn faoi staidéar na Gaeilge, agus ina ollsaothar, Grammatica Celtica, 1853, thug an scoláire Gearmáineach, Johann Caspar Zeuss, a gcuid staire ar ais do mhuintir na hÉireann. Léirigh sé gur teanga Ind-Eorpach í, agus gurb iad na manaigh as Éirinn a d’fhág na lámhscríbhinní lena gcuid gluaiseanna i mainistreacha na Mór-Roinne.

Céad Athbheochaint, 1893: Chothaigh gluaiseacht nua cultúrtha féinmheas náisiúnta, bunaithe ar an teanga bheo. Saolaíodh Irisleabhar na Gaeilge (The Gaelic Journal, 1882) agus Eoin Mac Néill agus Dúbhglas de hÍde Conradh na Gaeilge 1893, a raibh sé mar sprioc aige an Ghaeilge a choimeád á labhairt in Éirinn. Fostaíodh timirí. Bunaíodh scoileanna samhraidh. Foilsíodh leabhair. D’fhás stíl nua-aoiseach gearrscéalaíochta (Pádraig Mac Piarais agus Pádraig Ó Conaire). Dheimhnigh ollghluaiseacht go nglacfadh idir Shasanaigh agus Easpaig leis an nGaeilge mar riachtanas maithreánachta san ollscoil nua (1908-1913).

Bunú an Stáit, 1919-1921: Chuir an stát nua an teanga ar ais i reimsí poiblí a bhí ceilte uirthi le fada. Éilíodh Gaeilge ar an státseirbhís agus ar mhúinteoirí. Mhúintí ábhair trí Ghaeilge i meánscoileanna A agus B. Cothaíodh caighdeán oifigiúil (1952). Foilsíodh foclóir De Bhaldraithe (1959) agus Foclóir Uí Dhónaill (1977).

Tharla an dara athbheochaint thart ar aimsir an chogaidh le hathbhunú an Oireachtais 1939, agus bunú Comhar, Feasta, Inniu, agus Sáirseal & Dill dá éis sin. Thosaigh scríbneoirí mar Mháirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Máirtín Ó Direáin ar a gcuid oibre.

Inniu: tréimhse éadóchais agus imirce ab ea na caogadaí, agus níor deineadh socraithe sna seascaidí chun cearta saoránaíochta chainteoirí Ghaeilge a chosaint. Lig Dáil Éireann air, nuair a chuaigh an Stát isteach sa Chomhmhargadh i 1972, go raibh an Ghaeilge á haithint mar theanga oifigiúil ansiúd. I 1972 a bunaíodh Raidió na Gaeltachta áfach, céim fíorthábhachtach i slánú na teanga.

Um an dtaca sin freisin a thosaigh filí INNTI ag teacht i dtreis. Bunaíodh Gaelscoileanna, gluaiseacht na scoileanna lánGhaeilge i 1973, mar aisfhreagra ar chúlú an Stáit. Tá bá leis an teanga agus muinín aisti ag fás arís, ach tá práinn le hinstitiúidí dá cuid féin di. Ní hí an teanga is measa as den 6,000 teanga ar an saol áfach. Tá a stáisiún teilifíse féin aici (1996), in ainneoin iarrachtaí tráchtairí ar an Sunday Independent, ach go háirithe, agus iar-radacaigh ar an Irish Times, an buncheart sin a cheilt ar a lucht labhartha agus foghlamtha.

- Mar eolas don oide: The Irish Language, Máirtín Ó Murchú, Depart. of Foreign Affairs, 1985. • Tobar na Gaeilge, Ó Cualacháin, Helicon. • Saoithiúlacht na SeanGhaeilge, P. L. Henry, Oifig an tSoláthair. • Traidisiún Liteartha na nGael, An Clóchomhar. Conradh na Gaeilge i gCiarraí, 1995. ?